School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 537

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 537

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 537
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí amadáinín ann fadó agus ní raibh aige n-a mháthair ach é agus bhíodar an-bhocht. D'imthig an t-amadáinín amach ceann de na laetheannta agus bhuail luthragán leis, agus bheir sé air. Dúbhairt an luthragán scaoileadh leis agus aon rud d'iarradh sé air go dtabharfadh sé dho é. Dúbhairt sé ná iarrfadh sé faic air ach méisín meacan agus meadairín bláthaighe. Fuair sé é agus is é bhí go sásta agus d'imthig sé air abhaile go dtí na mháthair. Nuair a chonnaic an mháthair an méisín meacan agus an meadairín bláthaighe d'fhiafruig sí dho cá bhfuair sé iad agus dúbhairt sé gur chuma dhi. Bhí a ndóthain le n-ithe agus le n-ól aca annsan ar feadh tamaillín. Ceann de's na laetheannta d'imthig sé amach aríst agus chonnaic sé inghean an Rí - cailín ana-bhreagh - agus (agus) d'iarr sé ar Dhia agus leas an luthragáin mac óg do bheith aici sin. Saoluigheadh mac óg dhi i gceann trí rátha. Seo liútar leatar ag an Rí agus do bhí sé i reachtaibh an inghean do mharbhú agus níor bh'fhéidir le innsint cá raibh an t-athair. D'imthig an Rí agus chuaidh sé go dtí seandhraoí a bhí ann. Dúbhairt an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0675: The Lazy Boy
    Language
    Irish
    Collector
    Brighid Ní Lubhaing
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Chalaidh, Co. Kerry
    Informant
    Beití de Lonndra
    Gender
    Female
    Address
    Baile an Chalaidh, Co. Kerry