School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)arsa m'fhaighdóirín. "So súd mhuise ná feadfainn arsa an fathach thíos. Tair anuas go g-cuirir mo bheirt dearbhráthar fé'n bhfód am theannta".
"Dheadh nách fuirist iad san a chur" arsa an fear anáirde.
"Tarraing id dhiaidh iad agus dein poll dóibh agus clúdaig anuas ortha."
"Téirig am theannta sa" arsa an fathach agus déanfair ionad mo dhearbhráithearacha dhom.
"Go maith arsa an fear eile. Chuadar chun tighe an fhathaig agus bhí seana choilleach thuas sa chúinne agus iongainí chómh fada leis an lá amáireach uirthe.
Nuair chonnaic sí cé a bhí ag teacht i n-ionad na beirte eile ba dhóigh leat ná fágfadh sí blúire croicinn air an bfiaghdóirín ó luidín a choise go mullach a chínn. Dubhairt a mac lé foighne a bheith aici agus go dtógfadh an fear so chuiche an bheirt arís.
Lá ar na bháireach bhí an fathach ag dul ag fiadhach ach ní chuaidh an fiaghdóirín i n-a0char na theannta.
Dubhairt an fathach leis uisce a thabhairt chun a mháthar agus dhein sé séithleán uisce isteach an tig chuiche. D'iarr sí ar a clann a thógaint arís chuice.
"Cuir coire uisce ar an dteine agus nuair a fhliuchaidh(continues on next page)- Collector
- Eibhlin Ní Ghearailt
- Gender
- Female
- Address
- Márthain, Co. Kerry
- Informant
- Máire Bean Sheáin Ach Gearailt
- Relation
- Parent
- Gender
- Female
- Age
- 60
- Address
- Márthain, Co. Kerry