Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 496

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 496

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 496
  3. XML “Scéal - An Fíodóirín”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    aodhaireacht tighe a bhí annsan amuigh aige. Thógadh sé sa ló e agus bhíodh sé leagaithe roimis tar éis na h-oidhche agus an té a bhíodh á fhaire go mbíodh sé imithe ar maidin. Dubhairt sé go raigheadh.
    Cuir corcán leitean agus corcán gruth ar an dteine dom arsa sé. Agus dhein sé mealbhóg agus chuir taobh istig dá chuid éadaig í agus líon do'n leite agus do'n ngruth é. Chuaidh sé anáirde go mullach an tighe. Ní geárr anáirde é nuair a bhraith sé an fothrom fut fat fothrom ar an bhfóidín bhfírineach. "Táthas [?] ann" arsa an fiaghdóirín. "Ní fada bheir" arsa an gaduidhe. "Tóg bog é bí foighneach" arsa an fiaghdóirín.
    Bhí cúpla cloch anáirde aige agus leig sé anuas ceann do na clocha ar an dtriúr fathach a bhí thíos, mar bhraith sé iad ag teacht ar ghuailinibh a chéile agus leag sé an chéad dhuine agus mhairbh. Chaith sé ar an tarna fear agus mhairibh.
    "Ní foláir nó is diail an gaiscidheach tusa anáirde" arsa an fathach thíos.
    "Cath chugam aníos cloch" arsa an fear anáirde agus leigfead=sa síos í na min. Dhein agus tharraing sé a leite agus an gruth as a mhealbhóg agus dhein liathróid do agus chaith síos í.
    "Féach an bhféadfá-sa a leithéid sin a dhéanamh anois"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1088: Eating Contest
    AT1640: The Brave Tailor
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Eibhlin Ní Ghearailt
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Sheáin Ach Gearailt
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    60
    Seoladh
    Márthain, Co. Chiarraí