Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 500

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 500

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 500
  3. XML “Scéal Fíor ar Chruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear i n-Áirt na Caithne fadó gur b'ainm do Éamonn Donncadh. Muircheartach a b'eadh é. Ba inghnean do a bhí pósta ag Tomás Mhicil i mBaile'nFhirtéuraig - Máire Éamainn a tugtaí uirri. Bhí gabháltas beag talmhan aige féar bó nó mar sin. D'imthig sé lá agus chuaidh sé'on Dainghean. Is é cosán a bhí ag na daoine ó'n slios san na an Teampal Bán soir, Baile'nRannaig, Galarus, suas go Baile na n-Áirt. Bhí h-ínnstear a thuille na thaobh go raibh sé ag teacht abhaile. Nuair a tháinig sé go Carraig an Locha bhí an taoide istig agus ní fhéadfadh sé gábháil anoir go n-ísleóchadh an t-uisge. Níor dhein sé ach an t-adhastar a scaoileadh do'n gcapall agus é chur mar laincide fé. Ní raibh aon chairt ann sa lá úd ná aon chuimhneamh ortha. Scaoil sé an capall ag ithe ar fuaid na daibhche go dtráigfeadhan taoide. Nuair a thuit an t-uisge agus gur bham leis a bheith a bogadh anoir chuaidh sé ar thuairisc a chapaill. Má chuaidh ní raibh a thomas ná a thuairisc le fághail. Ar deire b'eigín do teacht abhaile dá cheal. Ar maidin lár na mháireach do bhuail an capall lasmuigh do'n gCarraig Dhuibh le naomhóg bhí ag spiléireacht. Is deallrach gur
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Brighid Bhodhlaeir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádraig Budhlaeir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí