Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 561

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 561

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 561
  3. XML “Scéal - Leidirín”
  4. XML “Scéal - Feall na Banríona”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí Rí ann fadó agus bhí aon inghean amháin aige. Nuair a bhí an cailín an-óg fuair a máthair an bhainrioghan bás. Ní raibh an bhainrioghan i bhfad fe'n bhfód nuair a phós an Rí arís. Bean an-mhustarach, an-mhórchúiseach dob eadh an bhainrioghan nuadh. Bhí sí beag beann ar éinne. Ní raibh duine ag déanamh mairg dí. Bhí an Rí an-cheanamhail ar a inghean. Níor thaithin san leis an leas-mháthair. Bhí an t-éad is an formad ag meadú gach aon lá agus ag eirghe lastsuas dhí. Sa deire bhris ar an bhfoighne aici. Chuaidh sí isteach i seomra fé leith leis an Rí - seomra ná raibh cead ag aoinne dul
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0706: The Maiden Without Hands
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máirín Bhodhlaeir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na Caithne, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Máire Bean Uí Bhodhlaeir
    Gaol
    Tuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Ard na Caithne, Co. Chiarraí