School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
- Location:
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
- Teacher: Máire Ní Mhainnín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Badhad naomhóige 1919: Sa bhliain 1919 do bádhdaidh Séamus Óg Firtéar i g-Cuan Áirt na Caithne. ÓCathair caoin parróiste 'n Firtéaraigh do b'eadh é. Bhí sé féin agus beirt eile ag iasgach - Seán Firtéar ó bhaile uachtrach a tháinig saor ach a fuair bás ó shoin i mbliain 1935 agus Micheál ach tSithig ó sna Gortadubha. Bhí an naomhóg ró lán d'iasg agus d'iompuigheadh a béal fúithe. Thuit Séamus Firtéar amach as an naomhóg agus do sciobh an taoide lei é, ach choimeád an bheirt eile i ngreim agus thángadar saor. Ní bhfuaireadh corp Shéamus Firtéar ar shon gur deineadh cuardach dian de ló ist oidhche ar feadh i bhfad. Aon eirghe níor dhein sé & níor chaith an taoide isteach é ar aon tráigh aige baile ná i gcéin.
Badhadh Bháid 1936: Sa bhliain 1936 do briseadh bád iascaigh ó'n bhFrainnc i naice Ceann Sléibhe i nDún Chuinn. Bhuail sí i gcoinnibh carraige agus briseadh an chuid ba mhó di. Chuaidh na máirnéalaigh thar n-ais go dtí an Fhrainnc. Fuair muinntir na h-áite mórán raice aiste.
Bádhadh duine: Do bádhadh duine de mhuinntir Sheaghdha ó Leaththaoibh - ní cuimhin le m'Dhaid cad í 'n bliain - tamall amach ó bhéal Faill an tSrothéain. Bhí triúr sa naomhóig is amhlaidh a bhí téad róid á tharrac aca. Bhí an téad i ngreim & an triúr ag tarrach ar an dtéid. Bhí mac(continues on next page)- Collector
- Siobhán Ní Mainín
- Gender
- Female
- Informant
- Diarmaid Ó Curáin
- Gender
- Male
- Age
- 52
- Address
- Baile an Reannaigh, Co. Kerry
- Informant
- Pádruig Budhlaeir
- Gender
- Male
- Age
- 50
- Address
- Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry