School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Location:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry
Teacher:
Máire Ní Mhainnín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 480

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0419, Page 480

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Page 480
  3. XML “Cruatan”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    ag déanamh isteach ar an gcuan chun fothanna. Cuireadh isteach ar an gcladach í. Tháinig na máirnéalaigh saor. Last guail a bhí innte agus bhí ceannach air ag muinntir an Bhuailtín. Dheineadar an-mhargadh. Nuair a bhíonn sé 'na lag tragha cidhtear cuid de'n luing fós.
    Bádhadh Mhichíl Bhúlaedir. Sa bhliain 1910 ar an 10adh lá d'Iúl bhí Micheál Bhulaedir ó Áirt na Caithne agus beirt eile ag teacht ó Bhaile na n-Gall go Béalbán. Bhí boladh beag de ghaoith anoir ann. Chuireadar seol ar an naomhóig le mairbhidheacht na gaoithe. Do bhíodar ag druideam le cladach an Teampaill. Chuaidh an Bulaedhireach ag teannadh an tsiota tosaigh agus pé straoilliúghadh a fuair sé caitheadh amach an triúr a bhí sa naomhóig. Do bádhadh an Bulaedireach bocht ach do saoradh an bheirt eile. Ba mhór go léir an púir é siúd agus a raibh a' brath air.
    Teacht "An Bremen" 1905. Sa bhliain 1905 caitheadh "An Bremen" isteach ar thráigh Áirt na Caithne. Thug sí tamall maith ar an dtráigh annsúd go dtáinig lucht deisithe loingis ó Chorcaig agus gur deisigheadh í agus gur tarraingeadh amach chun fairrge arís í.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
    Collector
    Siobhán Ní Mainín
    Gender
    Female
    Informant
    Diarmaid Ó Curáin
    Gender
    Male
    Age
    52
    Address
    Baile an Reannaigh, Co. Kerry
    Informant
    Pádruig Budhlaeir
    Gender
    Male
    Age
    50
    Address
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Kerry