Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh

Suíomh:
Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire Ní Mhainnín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 481

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0419, Leathanach 481

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Naomh Uinsinn Baile'n Fhirtéaraigh
  2. XML Leathanach 481
  3. XML “Cruatan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Badhad naomhóige 1919: Sa bhliain 1919 do bádhdaidh Séamus Óg Firtéar i g-Cuan Áirt na Caithne. ÓCathair caoin parróiste 'n Firtéaraigh do b'eadh é. Bhí sé féin agus beirt eile ag iasgach - Seán Firtéar ó bhaile uachtrach a tháinig saor ach a fuair bás ó shoin i mbliain 1935 agus Micheál ach tSithig ó sna Gortadubha. Bhí an naomhóg ró lán d'iasg agus d'iompuigheadh a béal fúithe. Thuit Séamus Firtéar amach as an naomhóg agus do sciobh an taoide lei é, ach choimeád an bheirt eile i ngreim agus thángadar saor. Ní bhfuaireadh corp Shéamus Firtéar ar shon gur deineadh cuardach dian de ló ist oidhche ar feadh i bhfad. Aon eirghe níor dhein sé & níor chaith an taoide isteach é ar aon tráigh aige baile ná i gcéin.
    Badhadh Bháid 1936: Sa bhliain 1936 do briseadh bád iascaigh ó'n bhFrainnc i naice Ceann Sléibhe i nDún Chuinn. Bhuail sí i gcoinnibh carraige agus briseadh an chuid ba mhó di. Chuaidh na máirnéalaigh thar n-ais go dtí an Fhrainnc. Fuair muinntir na h-áite mórán raice aiste.
    Bádhadh duine: Do bádhadh duine de mhuinntir Sheaghdha ó Leaththaoibh - ní cuimhin le m'Dhaid cad í 'n bliain - tamall amach ó bhéal Faill an tSrothéain. Bhí triúr sa naomhóig is amhlaidh a bhí téad róid á tharrac aca. Bhí an téad i ngreim & an triúr ag tarrach ar an dtéid. Bhí mac
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. cruatan (~1,565)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Siobhán Ní Mainín
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Diarmaid Ó Curáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    52
    Seoladh
    Baile an Reannaigh, Co. Chiarraí
    Faisnéiseoir
    Pádruig Budhlaeir
    Inscne
    Fireann
    Aois
    50
    Seoladh
    Baile an Fheirtéaraigh, Co. Chiarraí