Scoil: Cluain an Bhrúnaigh (uimhir rolla 13385)

Suíomh:
Cluain Brón, Co. Galway
Múinteoir:
Máire Ní Ghiobúnaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 328

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0075, Leathanach 328

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cluain an Bhrúnaigh
  2. XML Leathanach 328
  3. XML “Éadaí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Níl aon tailliúr san paróiste seo anois, acht nuair a bhíodh siad ann sa mbaile a n-oibrighidís. Is gnáthach le tailliúir éadach a bheith sa teach aige le díol. Éadach siopa a bhíos aige. Caitheann na daoine cuilteacha, agus bíonn cuid acu déanta as plainnín. Bíonn éadach siopa i gcuid acu, agus éadach na h-áite i gcuid eile.
    Seo sean-fhocal a bhaineann le éadaighe. "Is duine é an t-éadach. Bíonn abairtí eile in a taobh freisin, agus seo cuid acu. Má bhíonn culaith ró-mhór bíonn sé liopasta. Nuair a bhíonn duine ag fuagháil cuirtear snaidhm ar an snáth. Cuach-snaidhm a tugtar ar snaidhm rúbhailte, snaidhm nach bhfuil éascaidh a shaoileadh.
    Bíonn siosúr, miosúr, méarachán, cailc, snáth, snáthaid, clár, agus inneall fuaghála mar gléasanna ag an tailliúir.
    Deantar léinteacha ins na tighthibh, agus deantar iad as cadas. Dhéanadh léinteacha lín-éadaigh san áit fadó. Cniotáltar stocaí san áit freisin. Sníomhtar ar snáth sa mbaile, ar thúirne, mar ta ocht gcinn do thuirní san áit seo.
    Caitheann na daoine éadaighe speisíala ar ócáid áirithe cur i gcás ar na féilí is mó sa mbliadhain, in a dhiaidh bháis duine, agus ar ócáid pósta. Caithtear na h-éadaighe nua freisin Dia Domhnaigh chun dul ar Aifreann
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. clothing and accessories (~2,403)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Sorcha Ní Shúilleabháin
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Cluain Brón, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Cadhain
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Dubhachta, Co. Galway