School: Leitirmealláin

Location:
Leitir Mealláin, Co. Galway
Teacher:
Éamonn Ó Gógáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 281

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0071, Page 281

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Leitirmealláin
  2. XML Page 281
  3. XML “Scéalta Greannmhara”
  4. XML “Scéalta Greannmhara”
  5. XML “Scéalta Greannmhara”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.
    (continued from previous page)
    Transcription guide »
    By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.
  2. 8.
    Bhí teach fadó ann agus lá amháin bhí faoisdean ann agus bhí go leór daoine ag an bhfaoisdean. Sé an nós a bhíodh ag na sagairt an tam sin ná chuile pheacadh a d'innsigheadh na daoine dhó tharrnuigheadh sé marc ar a bhríste le cailc gheal. Nuair a bhí chuile dhuine réidh chuaidh sean-fhear chuig an bhfaoisdean agus dubhairt sé leis an sagart go raibh an oiread peacaidhe déanta aige agus nár chuimhnigh sé ar cheann ar bith acht ceann amháin. D'fhiafruigh an sagart de cé'n ceann é sin agus dubhairt sé gur mharbhuigh sé ministéar. Dubhairt an sagart leis go raibh gach peacadh a rinne sé ar feadh a shaoghail maithte dhó mar gheall gur mharbhuigh sé ministéar.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  3. 9.
    Bhí fear ann fadó agus bhí sé le inghean duine uasail a phósadh. Ní raibh sí le aon duine a phósadh nó go mbaineadh sé trí gháire aiste. Nuair a bhí sé le dhul ann thug sé mála brocháin min-coirce leis chuig teach an duine uasail. Nuair a tháinig sé isteach chuir sé a lamh síos sa mála agus thosuigh sé ghá ithe le na lámh agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.