School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 260
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rachadh sé isteach ag breathnúghadh air, mar ba mhaith leis é a fheiceál. Dubhairt an sean-fhear leis go mbéadh a athair ag iarraidh lámh a chraitheadh leis mar gheall gur Éireannach é, agus dubhairt sé leis go raibh cnámh bulláin ar chúl an dorais agus í a thabhairt dó in áit do láimhe mar tá greim chómh cruaidh sin aige is go mbrisfeadh sé do lámh. Nuair a tháinig sé isteach chuir an sean-fhear fáilte roimhe agus dubhairt sé leis lámh a chraitheadh leis. Shín an máirnéala[ch] an chnámh chuige agus bhí greim chómh cruaidh sin aige gur bhris sé an cnámh. Dubhairt an sean-fhea[r] leis a dhul chuig cloich mhóir a bhí san ngarraidhe aige fhéin san mbaile agus go raibh bosca fuith[e] le seacht mbliana agus é a thabhairt chuige fhéin. Nuair a chuaidh an máirnéalach abhaile chuaidh sé chuig an gcloich agus fuair sé an bosca san áit ar dhubhairt an sean-fhear leis. Chuaidh sé chuig an sean-fhear agus an-bosca aige agus bhí sé an-bhuidheach dhó. Dubhairt sé leis an bosca a fhosgailt agus nuair a d'fhosgail sé é bhí luch istigh ann agus í beó. Fuair an sean-fhear sgian agus mharbhuigh sé í agus bain sé an croiceann dhi agus dubhairt sé leis an máirnéalach cuid dé'n fheóil a ithe agus go mbéadh fhios aige cuile shórt Chuir siad síos ag bruth [!] í agus nuair a bhí sí bruighte dith an máirnéalach cuid dhi. D'fhiafruigh(continues on next page)
- Collector
- Maighréad Nic Donnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Bríghid Bean Mhic Donnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway