School: Leitirmealláin
- Location:
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Teacher: Éamonn Ó Gógáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Leitirmealláin
- XML Page 168
- XML “Scéal faoi Thaibhsí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)annsin gur b’iad na sídheóga a bhí ann agus go dtug siad an cailín óg seo ó na h-athair agus ó na máthair. Thug sé abhaile chuig a mháthair í agus ní raibh cainnt ar bidh aice ar feadh bliadhna. Thug sé an-aire dhi go dtí an oidhche Shamhna eile in a dhiaidh sin. Thánig an fear seo isteach arís agus dubhairt sé, “Bliadhain is an oidhche anochd a thug mé an cailín seo abhaile ó na sídheóga”. Anois rachaidh mé chuig an áit a gcómhnuigheann siad agus b’fhéidir go gcloisfinn iad a rádh cé’n fáth go bhfuil sí in a codhladh fós. Chuaidh sé chómh fada leó agus ní raibh sé i bhfad ann nuair a chuala sé iad ag rádh, “Bliadhain is an oidhche anochd a tógadh Inghín Ríogh Uladh uainn agus tá sí in a codhladh ó shoin i leith.” “Ní bhéadh sí mar sin” arsa duine eile, “Dhá dtógfaidís an biorán suain atá in a ceann as.” Chómh luath agus a chuala sé an méid seo chuaidh sé abhaile chuig a mháthair agus thóg sí amach an biorán suain, agus d’eirigh sí suas agus bhí sin inann labhairt uaidh sin amach. Phós sí fhéin agus an fear seo agus mhaireadar go sona séanmhar in a dhiaidh sin.
- Collector
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway
- Informant
- Brighid Bean Mhic Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 55
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Leitir Mealláin, Co. Galway