Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. Galway
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 363

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 363

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 363
  3. XML “Filí”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tá go leór filí san Tráigh Bháin. Seo é an tainm atá ar duine aca, Seán Ó Ceallaigh. Rinne sé amhrán faoí a bhean. Fuair sé an féith sin ó na muinntir roimhe. Tá sé cheithre sgór go leith bliadhanta daois anois. Is fadó ó rinne sé an tamhrán agus tá sé imthighthe as a gcuimhne anois. Tá file eile san mbhaile agus sé an tainm atá air Máirtín Ó Cúlain. Rinne sé sin amhrán bréagh agus cuimhnigheann gach duine air. Seo cuid de'n amhrán a rinne sé.
    1.
    Bhaintreach agus maighdean a rinne Dia dhíom is mé go hóg.
    Nó ar cuimhneach libh a dhaoine muinntreach an lá ar báthadh mo mhíle stór.
    Dhá mbeinn se ins san mbád an lá ud is mó dá láimhín a bheith ar an sgód.
    Dar mfhocal duit a William Reilly is deas mar leigheasfhainn do galar brón.
    2.
    Is an cuimhneach leat an lá ud a raibh an tsráid seo lán de margaidh . (le sagairt)
    Le sagairt is le bráithre is iad ag trácht ar mo bhainfhéise.
    Bhí an fiddle ar an gclár ann agus bhí an chlárdeac dhá bfreagairt.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. genre
      1. poetry
        1. folk poetry (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Labhrás Ó Cualáin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14