Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 394

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 394

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 394
  3. XML “Cúram na gCos”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sé an sórt bróga a bhíodh ar na daoine ins an tsean-aimsir píosa de shean-mhálaí casta ar a gcosa aca. Bíonn bróga ar chuid aca anois ach tá cuid de na daoine ann fós nar chaith aon bhróig ariamh. Sé an sórt bróga a bhíodh ar na sean-mná fadó ná miteáin. Bíonn na miteáin ar cuid de na daoine anois freisin. Bíonn sean-mhallaí casta ar a gcosa ag na sean-ndaoine ins an Samradh. Tá go leór daoine ins an áit seo nár cháith aon bhróig ariamh.
    Sé an tainm atá orra, Nora Ní Dlaithbeartaigh, Maire Ní Gaoithín, Máire Ní Chorraidhín, Saile Ní Cheallaig, agus Máirín Buiréad. Níor chaith siad aon bhróg ariam agus dubhairt siad féin nach gcaithfaidís aon bhróg caoidhthe. Tá go leór daoine ins an mbaile seo agus bíonn siad ag deasúghadh bróga. Fuagheann siad lasgaí na mbróga le snáta agus le céir agus le meana. Sé an tainm a thugann siad ar bhárr na bróige barbín. Sé an sórt eadach a bhíod ar na fir ag dul ag an
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. éadaí agus suaitheantais (~2,403)
        1. bróga (~1,841)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Áine Ní Chorraidhín
    Inscne
    Baineann
    Aois
    14
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe