Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 309

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 309

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 309
  3. XML “Seanfheairín na Féasóige Léithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Sean-fheairín na Feasóige Léithe :
    Bhí mac ríogh ann fadó agus ba é an ceard a bhí aige ná ag íasgach. Lá amháin dá raibh sé ag íasgach tháinic sean-fhear go dtí é ar a dtugaidís "Sean Fheairín na Feasóige Léithe" air agus d'fhiafruigh an Sean-fheairín air an imthreóchadh sé cluiche cáirtí agus dubhairt mac an ríogh go n-imrreochadh sé. Bhí £300 ar an gcluiche acu agus 's bhuaidh mac an ríogh na £300. Tá go maith ar san sean-fheairín annsin agus as go bráth leis.
    Tháinic mac an ríogh abhaile 's é an áthasach as na £300 púnt a bheith buáidhte aige. Lá arna bháireach chuaidh sé amach ag iasgach mar ba ghnáthach leis 's tháinic an Sean-fheairín go dtí e arís. "Bail ó Dhía ort" arsan Sean-Fheairín.
    "Go mbamhlaidh duith" arsa mac an ríogh.
    "An bhfuil tú ag marbhú mórán iasg" ar san Sean-Fheairín.
    "Muise go deimhin nílim" arsa mac an ríogh.
    Muise go deimhin nílim" arsa mac an ríogh. "An n-imthreóchadh tú cluiche cártaí liom" arsan Sean Fheairín. "Ní miste liom" arsa mac an ríogh. D'imir agus bhuaidh mac an ríogh an tarna £300. Níor inis sé dá athair go ndeacha sé ag imirt chor ar bith an chéad oidhche ach d'inis sé an tarna oidhche dhó é. "Anois arsa t-athair sé mo chomhairle-se dhuit ná bí ag imirt
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Meleachlán Mac Gairbhín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Corraidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe