Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)leis an bhfear sin níos mó nó beidh aithbhéal ort". An treas lá bhuail mac an ríogh amach ag iasgach aríst agus níorbh fhada amuigh dó nuair a tháinic an sean-fheairín agus d'fhiafraigh sé go mac an ríogh an ngabhfadh sé ag imirt indhiú. "Ní miste liom" arsa mac an ríogh . Chuaidh siad ag imirt agus bhuaidh mac an ríogh aríst . Chuaidh sé abhaile annsin agus bhí an áthas air as a raibh buachta aige . "Anois ar san t-athair an rí ná téirigh ag imirt leis sin níos mó" "Ní miste liom" ar san mac "Is maith an piosa go mbéidh £900 bainte díom aige " . Lá ar na máireach, an ceathamhadh lá chuaidh sé amach agus tháinic an sean-fheairín go dtí é . "An dtiocfá ag imirt indiú " arsan sean-fheairín "Tiocfad arsan mac a' ríogh" D'imir agus bhuaidh an sean-fheairín. Shín mac an ríogh £300 aige . "Ó! go raibh maith agad" arsan sean-fheairín . Ní ghlaca mé an t-airgead "acht cuirfidh me fá gheasa thú ". "Ta go maith ar san mac a' ríogh . Cuir". Cuirimse fá gheasa thú bheith san domhan thoir tráthnóna ambárach". "Dona go leor arsan mac an ríogh " .
D'éirigh sé go moch maidin mbáireach 's bhuail sé bóthar 's bhí sé ag siubhail go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Meleachlán Mac Gairbhín
- Inscne
- Fireann
- Gairm bheatha
- Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Faisnéiseoir
- Colm Ó Corraidín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 68
- Seoladh
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe