School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 338

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 338

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 338
  3. XML “An Fíodóir”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Fígheadóir
    Tá fígheadóir annseo sa Tráigh Bhán. Sé an tainm atá air Micheál Ó Cátháin. Bíonn sé ag déanamh bréidín. Tá seól aige dhá dhéanamh. Níl mórán maitheasa leis an seól, anois agus agus is beag nach bhfuil an seól chomh sean leis féin. Tá an seól aige le dhá sgór bliadhain. Tá sé féin trí sgór agus deich mbliadhna d'aois agus tá sé ag fághail an phionsúin.
    Sé an tainm a bhí ar a bhean Séirín Cholm. Tá sí cáillte anois le trí bliadhna. Tá triúr mac aige agus beirt inghean. Tá teach deas ceann slinne aige. Ní bhíonn sé ag fíochán acht cabhar uair mar níl mórán maitheasa leis an seól. Ní bhíonn mórán daoine ag tabhairt snáthadh aige le haghaidh bréidín. Ní bhíonn aon mhaith leis an mbréidín a dhéanann sé. Tá an fígheadóir ag fághail deich sgilleacha sa tseachtmhain.
    Tá an seól déanta as adhmad agus as iarann. Bíonn sé ag obair le na chosa agus le na lamha san t-seól. Bíonn poll mór thíos san urlár agus bíonn cuid den tseol thíos ann. Bhí athair an fhígheadóra an mhaith ag déanamh bréidín, agus bhí cliu agus cáil ag gach duine air. Nuair a bhí a athair ag dul ag fághail bháis cheannaigh sé seól nua do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. sníomh agus fí (~482)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Bhreathnach
    Gender
    Female
    Age
    12