School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. Galway
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 374
  3. XML “Mo Bhaile Féin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. An Tráígh Bhán an t-ainm atá ar mo bhaile. Tá dhá sgór agus deic gcínn de tíghthe ann. Tíghthe ceánn slinne is mó atá ann anois. Is geárr é rinne siad na tíghthe ceann slinne. Sé ansloine is mó aa ann Cúlán, agus Flaitbearthaigh. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Tá tráigh mhór shíos ar a ioctar agus tá dath bán air. Tá tuighe an chuid de na tíghthe atá ann agus tá tilíní ar chuid eile agus tá slínn ar achuid eile. Tá go leór daoine ann agus sé an tslíghe bheatha is mó a bhíonn's acha ag iasgaireacht ar an bfairrge. Curacha a bhíonn's acha ar an bfairrge. Fághann siad go leór iasg gach Samhradh agus diolann siad é agus fághann siad go leór airgid air. Cuireann siad roinnt barraí agus beatuigeann siad mucha. Diolann siad na mucha ar dhá phúnt agus deic sgilleacha ar an gcéad.
    Bíonn siad ag obair ar na bóithre freisin agus fághann siad púnt ins an tseachtmain. Tá an talamh go dona ann. Ta sé sléíbhteannach, portannach agus clochach. Ní chuireann na daoine na barraí ach an oiread is dheanann iad fhéin. Cuireann na daoine roinnt fataí agus coirce agus cuireann siad cruineacht freisin. Téigheann cuid de na daoine ag obair go tíórtha eile ag saothrú dóibh fhéin. Tá cuid de na daoine ag faghail Dole. Tá aon loch amháin ann agus sé an t-ainm atá uirthí Loch na Traíghe Báine. Deir na sean-ndaoine go raibh pota óír ann agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    Language
    Irish
    Location
    An Trá Bháin, Co. Galway