School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. Galway
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 320
- XML “Scéal an Óir”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí dreám annseo fadó tá tuairim's céad bliadhain ó shoin. Sé an áit a raibh siad ina gcomhnaide ar na leacracaí móra i Dtír an Fhíaidh. Bhí go leór airgid aca agus ba geárr ina dhiaidh sin gur éirigh dreám aisteach amach ag tóruigheacht airgid. Bhí fear ann agus chuir sé a chuid airgid síos i bpota agus báth sé sa loch é. Sé an t-ainm atá ar an loch indiú "Loc an Ideáin" Deir siad go bhfuil easnamh nimhe dhá fhaire. Is iomhdha duine a chuaidh dhá cuartú agus bhain an easgan greim as. Bhí na daoine ag rád dhá mbeidís indon an loch a leigean le fánaidh go mbéadh an císte óir acha Is i nDoirín Darach atá an loch sin anois. Deir scan daoine na Tráige Báine go raibh Caisleán déanta annseo san tSean aimsir agus deir siad gur cineál Fianna a thóig é. Lá amháin bhí an cailín fágtha ins an gcaisleán, léithe féin agus deir siad go raibh go leor airgid san gCaisleán. Tháinich trúir fear nuair a fuaireadar na Fianna imthighthe agus ghoid siad a raibh d'ór agus d'airgead aca. Bí go mair, nuair a fuair an cailín an t-airgead imthighthe thosuigh sí ag glaodach ar na Fianna le linn iad a bheith ag goid an airgid thárla go dtáinic na Fianna agus rít siad indhiaidh na(continues on next page)
- Informant
- Cóilín Breathnach
- Gender
- Male
- Age
- 29
- Address
- An Trá Bháin, Co. Galway