Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. Galway
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 319

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 319

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 319
  3. XML “Seanfheairín na Féasóige Léithe”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a chaith sí ann rinne sé mada agus cú agus thosaigheadar ag troid agus ag marbú a chéile. Nuair a chuala mac an ríogh an gleó chuir sé a chloigeann doras an t-seomra amach agus cheistnigh sé céard a bhí ar siubhal "Ó!" ar sa duine "bean atá taobh amuigh den doras atá ghá dhéanamh na h-oibre"
    "Iarr uirthi teacht isteach ar san mac a' ríogh ach fuair sé an freagra é fhéin a thigheacht amach. Rinne sé amhlaidh.
    "An bhfuil fhios agad cé hí mise" ar sise
    "Níl fhios" ar seisean. "An bhfuil fhios agad an bhean a fuair an t-snáthad mhór sa stábhla dhuit"? Annsin chuimhnigh sé ar inghean an t-seana-fhirín na feasóige léithe.
    Bhuail mac a' ríogh isteach i dteach annsin agus dubhairt sé le Rí na Spáinne a inghean a thabhairt leis abhaile agus go bpósfadh sé féin inghean an t-sean-fhirín na feasóige leithe. Phós agus chaitheadar beirt a mbeatha go séanmhar ón lá sin go dtí gur cuireadh na seacht slámanna creafóige ós a gcionn.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0313: The Girl as Helper
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Meleachlán Mac Gairbhín
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Colm Ó Corraidín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    68
    Seoladh
    An Trá Bháin, Co. Galway