School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 398
- XML “Arán”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- BHiodh go leór sórt aráin aca fadó Bhiodh "Cáca Fataí, "Cáca Bacstaí" Cáca Min-Choirce, agus Cáca Cruithneacht. Do bhídís ag meilt choirce le bróite agus dheinidís (cáca) min coirce dhe agus annsin de Usáidtear bróidhte san áit seo i gcomnuidhe. Sé an chaoí a ndeinidís an "Cáca Bacstaí". Sgríobhann siad sé nó seacht dhe fhataí le sgrápor.
Deintear anois freisin é, acht ní deintear é acht cabhar uair. Sé an chaoí a ndeinidís an cáca Fataí. Cuirfidís cúpla fataí síos ar an teine i gcaintín. Annsin nuair a beidís bruithte ghlanadh siad iad agus bhrúithidís iad le tóin muigín agus annsin chuiridís plúr ar an mias agus chuirfidís uisge is bainne ann agus bhidís dá chartadh agus cartaidís na fataí trid agus bruithidís é i mbácús. Sé an caoí a ndeinidís Cáca min- coirce. Ceannuighdís cúpla cloch min ar trost san siopa(continues on next page)- Collector
- Áine Bhreathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe