School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)
- Location:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Meleachlán Mac Gairbhín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Tráigh Bhán
- XML Page 364
- XML “Filí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Is bhí dá réag do na mná bána le mo ghrádh sa a thabhairt uaim abhaile.
Do bhí bean sa mbhaile seo freisin agus bhí sí ina file. Sé an tainm a bhí uirrthí Brighid Ní Mháille. Da chum sí amhrán faoí na déarbhathaireacha a báthadh acht tá an tamhrán thíos agam cheana. Tá sí i mAmericá anois agus ní tiocfadh sí ar ais aríst go deo.
Bhí file eile san mbaile. Sé an tainm a bhí air Tomás ó Lochlainn agus rinne sé amhrán faoí bhallach. Bhí sé ag iasgach lá agus bhí go leór ballachaí san gladach agus níor fhead sé aon cheann aca a ghabháil agus thosuigh sé ag déanamh amhrán faoí cheann aca. Seo cuid de'n amhrán a rinne sé.
1
Nach mór é mó dhíthéille ag déanamh féasta do na ballachaí.
Ag cártadh portáin glasa is ag toruigheacht logaí cloch
Is go bé an ballalch beag a bféarr liom a bhíos ag gáire is ag magadh fum.
Ag cur amach a theanga fúm is ag gaicdéail le mo "Cork"
2.
Chuaidh mé anonn go London ag ceannacht peire glionneacha
Is ar ais aríst go gÉirinn leis na péisg a mharbhú(continues on next page)- Collector
- Labhrás Ó Cualáin
- Gender
- Male
- Age
- 14