Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)

Suíomh:
An Trá Bháin, Co. Galway
Múinteoir:
Meleachlán Mac Gairbhín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 354

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 354

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tráigh Bhán
  2. XML Leathanach 354
  3. XML “Tincéir”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Tincéar.
    Is minich a chonnaich mé tincéar agus go deimhin fhéin sganróchadh cuid aca thú leis an gcaoí a bhíonn's orra. Dhá dhonnacht an t-éadach a bhíonn's ar na fir ní bhíonn a leath-oiread ar na mná. Ní bhíonn de' éadach orra ach sean-bhríste a bhíonn's lán le salachar agus dosta na mbotar agus íad chomh stroicíghthe is nach bhféadfhadh aon duine beó na puill a bheadh orra a chomhaireamh. Ní bhíonn bróg ar bith orra ach dhó no trí do phíosaí leathair casta ar a gcosa gun stoca ar bith orra acht a gcuid éadach agus a n-éadan chomh brócach agus cheapfhá nar chuir síad aon deóir uische air ó'n ar rugadh íad.
    Bíonn gruaig mhór, fhada, chasta orra nár chuir síad racha ná cíar le blíadhanta fada ann agus feíasóg an fhaid chéadna leis an ngruaig. Bíonn cáirr agus caiple ag an gcuid is mo aca le h-iad iomchur ó áit go háit le na gcuid sáspain a dhíol. Bíonn na fir ag imtheacht ó theach go teach ag iarraidh raganna ná airgid ar na sáspain agus na mná ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. people by social grouping
        1. travellers (~3,023)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    P. O Corraidhín
    Inscne
    Fireann
    Aois
    14