Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 355
- XML “Tincéir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)iarraidh plúir, tae, siuchra, bainne, fataí agus cuile rud dh'ár bhféidir leo cuimhneamh air. Is i gcabáin a chomhnuigheann síad ar na sléibhte le hais an bhóthair. Bíonn na cábhain a bhíonns aca bíonn síad déanta le maidí láidre a bhíonns curtha sa talamh aca. Bíonn éadach láidir ar nos leathar sgartha orra agus ní leigeanna sé isteach an bháisteac. Ní bhíonn fuinneóg ar bith air. As raganna a bhíonns an turlár agus na leapacha déanta agus is amuigh ar an gcnocán a bhíonns an teine aca. Is dreám an bhocht íad.
Bíonn lán an chábáin de ghasúir ag cuid acha agus nuair a thosuigeachas síad ar fad ag sgréachail ní bhíonn Béal Átha na Sluag leat chomh dona leo. Is maith Is cuimhneach liom lá a tháinig fear tincéara isteach tigh Mháirín Bhuiréad. Nuair a tháinig sé isteach bheannuigh sé muintir an tighe. Ba geárr go'r thosaigh sé ag iarraidh uirrí sáspan a cheannacht. Ní raibh Máirín dhá cheannacht ach san deire leis an méid modhladh thug sé ar an sáspan chaith sí aige an t airgead air. Is ag na tincéaraí Is dona atá slíghe bheatha mar tá droch áit comhnuidhe acha droch bheatha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- P. O Corraidhín
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 14