School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 108
- XML “An Chaoirín Ghlas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Chuaidh an leas-deirbhshiúr eile ag faire. Rinne sí mar a rinne an chéad inghean. Ní fhaca sí tada ag teacht. Chuaidh sí abhaile.
"Ní fhaca mise tada ag teacht" adeir sí. Bhí an mháthair le buile annsin.
"Óra muise, stop a mháthair. Gabhfaidh mise ag faire" adeir an an leas-deirbhshiúr eile. Chuaidh. Bhí súil i gcúl a cinn. Rinne sí an rud a rinne an bheirt eile. Chonnaic sí an caoirín glas ag teacht le biadh chuici. Chuaidh sí abhaile agus dubhairt sí go dtáinic biadh chuici.
Dubhairt an mhathair le duine don a hingheanachaibh an coileaichín a mharbhú agus go gcuirfeadh sí braon do'n fhuil 'na béal agus go mbuailfeadh sí sa mbrollach ar a fear í agus bhuail.
Dubhairt sí nach raibh rud ar bith le í a leigheas acht an caoirín ghlas.
"Ó muise", adeir an fear, "cé'n mhaith atá ag an gcaoirín ghlas acht an oiread le aon cheann eile."
"Tá mé a dhul ag fághail bháis mara marbhuighe sibh an caoirín ghlas", adeir sí. Mar sin chuaidh sé dhá h-iarraidh agus(continues on next page)- Informant
- Nóirín Bean Uí Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway