School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 107
- XML “An Chaoirín Ghlas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a cailleadh a bhean. Bhí inghean amháin aige. Phós sé arís agus bhí triúr inghean aige an dara h-uair. Má bhí agus go raibh bhí an leas-mháthair anuas ar an gcéad inghean. 'Sé an obair a tugadh dí ag faire caorach.
Bhí sí chomh maith gach uile ordlach leis an triúr eile. Bhí fhios ag an leas-mháthair go raibh rud maith eicínt ghá thabhairt chuici seo. Dubhairt an inghean ba shine go ngabhfadh sí ag faire go bhfeicfeadh sí céard a bhí dhá dhéanamh. Chuaidh. Dubhairt sí léithí a ceann a leagan anuas ar a glúnaigh agus go mbreathnóchadh sí 'na ceann. Leag an cailín a ceann ar a glúnaibh agus sháith sí biorán suain 'na cúl. Thuit a codladh ar an gcailín agus thosuigh an leas-deirbhsiúr ag faire go bhfeicfeadh sí an raibh tada ag teacht. Tháinig an caoirín go dtí í i lár an lae. Ní fhaca an leas-deirbhsiúr í. Chuaidh sí abhaile agus dubhairt nach raibh tada ag teacht chuichi.
"Gabhfaidh mise ghá faire", adeir an dara h-inghean.
"Is cuma liom", adeir an mháthair.(continues on next page)- Informant
- Nóirín Bean Uí Mháille
- Gender
- Female
- Address
- Camas Uachtair, Co. Galway