School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 153
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Lá amháin bhí Micilín Sheáinín Úna ag obair sa gharrdha.”
Lá amháin bhí Micilín Sheánín Úna ag obair sa gharrdha. Sílim gurb á shocrú bhí sé mar ba é tús an earraigh a bhí ann. Bhí an garrdha salach go maith mar bhí go leór luibheanna agus chuile shórt ag fás ann. Dheamhain láighe a bhí ceannuighthe ag Micilín fós agus ní raibh aige ach sean-láighe mheirgeach gan mórán maitheasa agus ba gheárr gur briseadh an faic ar mo duine bhocht. Thosuigh Micilín ag tochus a chinn ach dubhairt sé faoi dheireadh go ngabhfadh sé ag iarraidh láighe ar an Ministéar a bhí 'na chomhnaidhe sa mbaile céadhna agus cé nach ndeachaidh Micilín ag iarraidh tada ariamh cheana ar an Ministéar ar iasacht d'airigh sé cáil mhaith air ó na comharsannaibh.
D'imthigh leis chomh fada le teach an Mhinistéara agus bhuail sé ar an doras. Ba gheárr gur tháinig an cailín aimsire amach agus d'fhiafhruigh de Mhicilín céard a bhí uaidh. "Abair leis an Ministéar go dteastuigheann sé féin uaim agus theacht amach", arsa Micilín. Chuaidh sí isteach agus d'innis dá mháighistir go raibh fear taobh amuigh ar mhaith leis labhairt leis. "Táim tuirseach", adeir an Ministéar, "abair leis theacht isteach péirbí cé atá ann". Chuaidh an cailín amach agus dubhairt sí le Micilín theacht isteach. Tháinig, agus sheas sé(continues on next page)- Collector
- Caitlín Ní Conghaile
- Gender
- Female
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Séamus Ó Cadhain
- Gender
- Male
- Age
- 69
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway