School: Baile Nua (roll number 15331)
- Location:
- An Baile Nua, Co. Galway
- Teacher: Micheál Ua hUigín
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Nua
- XML Page 071
- XML (no title)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
(no title)
“Tá fiche míle giní d'ór na Spáinne ar aghaidh na gréine i gCill an Ráine.”
"Tá fiche míle giní d'ór na Spáinne,
Ar aghaidh na gréine i gCill an Ráine."
Cill an Ráine an t-ainm atá ar choill mhóir atá in aice Mághchuillin. Tá na h-acraí talmhan innti agus in áiteacha tá sí chómh tiugh sin lé driseacha agus lé tomannaí, is nach féidir a dhul tríotha.
Deirtear gur cuireadh cuid de shaighdiúirí na Spáinne, isteach ar chóstaí Chonnamara, ins an mbliadhain ar chuir na Spáinnigh, cabhlach mór go Sasana lé na togáilt. Ar chuma ar bith shocruigh cuid acú síos ins an tír, agus thárla go dtáinic duine acú go dtí Cill an Ráine. Shocruigh sé síos ánn, acht duine ánn fhéin a b'eadh é, agus níor thaithnigh sé lé na daoine. Cuireadh ruaig air, achth bhí ciste óir curtha i bhfholach aige in áit eicínt, ag ceapadh dár ndóigh go mbeadh sé lé fághail aige uair eicínt dá bhfhilleadh sé, acht níor fritheadh amach an fear ná an t-ór, ón lá sin go dtí an lá atá indiú ánn.(continues on next page)- Collector
- Tadhg Ua Fáthartaigh
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway
- Informant
- Tadhg Ó Cearra
- Gender
- Male
- Address
- An Seanbhaile, Co. Galway