School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)d'en dhá mhí sin Is minic a d'airigheas na sean-daoine a chur seo trí céile.
Cuid aca a rádh go leis an Mhárta a bhainnadar agus gurabh iad. Cuid eile aca a rádh gurabh iad an chéad trí lá de'n Aibreán iad.
Seo mar a thugadh laetheannta na Riabhaca orra an chéadh uair. Bhí bó Riabach ann tráth éigin fadó agus rug Martá an-garbh, an fuar, uirthi. Fuair sí a dothain de'n aimsir agus do réir a dealradh is ar éigin a rug sí a h-anam leí ach pé sgéal é fuair sí an chéad lá d'Aibreán uirthi. Cheap sí go raibh sí saor ó bhaoghal feasta do léimh sí ar a chorp agus [labhair sí as a chorp agus] labhair sí go neamh sichleadach "a Mhárta fealltaimhail dhá dháine is thughas fúmh níor fhéadais déireadh a chuir liom agus anois ó tá an t-Aibreán bog braonach tagaidhthe is beag é mo bheann ort.
"Ní dubhairt an Márta focal ach dul agus trí lá a iarraidh ar an Aibréan. Fuair an Márta na tré laetheannta agus shéad sí gaoth agus fearthainne chomh tréan in Éirinn agus b'féidir leí. Lean sí de'n séideadh sin(continues on next page)- Informant
- Sochra Breathnach
- Gender
- Female
- Address
- An Spidéal, Co. Galway