School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- XML Page 144
- XML “Seanscéal”
- XML “Seanscéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
Seanscéal (continued)
“Bhí beirt ann ins an am fadó agus sé an t-ainm a bhí ortha ná Tomás agus Peige. Bhíodar ag obair ag duine uasal a bhí ar an mbaile.”
(continued from previous page)é arsa an duine uasal "bíodh a bhfuil agam agaibh." D'imthigh an duine uasal agus a bhean ar an dtír ar fad mar gheall ar an gcleas a d'imir Tomás agus Peige ortha.Seanscéal
“Bhí fear dár b'ainm Séan ann fadó agus bhí se an-ghlic. Bhíodh sé indon imirt ar' chuile dhuine.”
Bí fear dár b'ainm Séan ann fadó agus bhí sé an-ghlic. Bhíodh sé indon imirt ar 'chuile dhuine. Bhí duine uasal san mbaile. Chas fear do Sheán lá. Bhí an dhearg gráin ag an bhfear seo ar an duine uasal. Bhí fhios aige gura'b cleasaidhe a bhí in Seán.
"Tiubhraidh mé suim mór airgid dhuit a Sheáin" ar seisean "má imrigheann tú cleas ar an duine uasal."
"Is gearr orm é sin a dhéanam" arsa Seán.
D'imtigh sé agus thug sé leis mala. Chuaidh sé síos go dtí sráid an duine uasail. Chuaidh sé fhéin sios san mála annsin. Cheangail sé béal an mhála. Tháinic an duine uasal amach agus an gunna aige le na chaitheamh.(continues on next page)- Informant
- Labhrás Ó Feínneadha
- Gender
- Male
- Address
- An Spidéal, Co. Galway