School: Sgoil Mhuire (An Clochar)
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: An tSr. Maelsheachlainn Seoighe
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)D’aon deór choidhchinn
Thóghfadh sí gach ceó dhíom gach brón de ló is d’oidhche
Is nach deas as tógháil í a stóirín geal mo chroidhe
IV
Ní bhéarfainnse mo stóirín ar airgead ná ar maoin
Ar mhór chuid an t-saoghail go deo, deo ar an tsaoghail
Acht pósfhaidh mé san bhfóghmhar is go deo ní chaillfidh í
Acht sé dubhairt mo dhaide liom-sa dul ar lorg mhnaoi
V
Tá féar fada ag fás san ghleann a bhfuil mo mhnaoi
Tá ubhlaí blasta ag fás ann, plúr is cruithneacht buidhe
Tá mil na mbeach faoi Cháisg ann is amach go féile Mhíchil
Is dá mbéinn ann leatsa a stóirín geal mo chroidhe
VI
Bean is cúpla bó léithe is cuid do’n ór buidhe
Acht bhfearr duit-se go mór-mór a bheith go macánta céille
Ní bean gan eolas a bheith ag ceóltóireacht
Is ag gabhail fhuinn
VII
Is iomdha cailín áluinn idir Gaillimh is Tráigh-lí
A bhfuil racaí ina gceann is lasaí geal leo síos
Ceapann siad gur breagtha iad ná an gheallach san
Meadhon-oidhche
Acht ní bhéarfainn-se mo ghrádh geal ar mór-chuid cailíní
VIII
Chaith mé an bliadhain anuraidh is mé faoi bhrón is briseadh croidhe.(continues on next page)- Informant
- Seán Ó Gamhnáin
- Gender
- Male
- Age
- 54
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway