Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. Galway
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 053
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear i gCo. Chábháin, agus sé an t-ainm a bhí air na Mícheál agus bhí sé an-bhocht, agus ba mhaith leis go leor airgid a bheith aige.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Bhí fear i gCo. Chábháin, agus sé an t-ainm a bhí ar, na Mícheál agus bhí sé an bhocht, agus ba mhaith leis go leór airgid a bheith aige.
Do bhí brionglóid aige trí uaire, go raibh abhainn i Sasana, agus go ngeobhfadh sé ór in-aice leí. Dubhairt sé leis fhéin, dá ngeobhfadh sé amach an abhainn sin go mbéadh ór aige. Dimthigh leis fhéin, annsin go Sasana, nó go dtáinic sé chomh fada leis abhainn, a bhí ar nós an abhainn, a bhí sé ag brionglóidí ar. Bhí fear in-a sheasamh le taobh an abhainn, agus dubhairt sé leis go raibh brionglóid uathbhásach aige. Do chonnnaic mé teach in nÉirinn in áit a raibh fear darbh ainm Mícheál in-a chomhnuidhe. Tá ór curtha taobh thiar de crann in-a gharraidhe. Ó seadh adeir Mícheál, tá sé sin an uathbhásach. Dimthigh lé Mícheál abhaile arís, agus níor innis sé a ainm do'n fhear ar chor ar bith. Ar an bpoinnte nuair a shroic sé an baile do fuair sé sluasaid, agus thosuigh sé ag tocailt, le taobh an chrainn. Ba gearr nó go bhuail a shluasaid cloch, agus shíos faoí an gcloch bhí pota ór. Do chuir sé an t-óir i bhfolach, agus congbhuigh sé an chloc san teach. Bí foclaí sgríobhta ar an gloic, nach bféadfadh sé a dhéanamh amach, mar i laidin, a bhí siad sgríobhta.
Aon lá amháin tháinig sgoláire isteach go dtí an tighe, agus tug Mícheál rud dhó le n-íth. Bhí sé tamall istigh, nuair a theasbain sé an chloch do'n sgoláire. Thosuigh an sgoláire ag gáiridhe. Seo focla seafóideacha(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Culáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Both Chuanna, Co. Galway