School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)buadhachtáil, agus má bhíonn an spéir ag dubhachán béidh mé ag cailleamhaint arsan tarbh.
Isteach leis an tarbh agus bhí an mac ag féacaint ar an spéir, agus bhí an spéir ag gealachan. Ba gheárr gur tháinig an tarbh amach, agus an buadh aige. D'imthigheadar leó no go dtáinig siad go dtí páirc eile, agus dubhairt an tarbh an rud céadhna, is a dubhairt sé nuair a bhí sé ag dul ag troid an chéad tarbh. Bhí an mac ag féachaint ar an spéir, agus bhí sé ag gealachan. Ba geárr nó gur dtáinig an tarbh amach, agus an buaidh aige. D'imthigheadar leó nó go dtáinig siad go dtí páirc a raibh tarbh iongantach ann. Dubhairt an tarbh leis an mac go marbhóchaidh sé seo é, agus dá marbhóchadh, an iall a bhí ag dul ó bhárr a adhairc go dtí bárr a iorball, a bhaint as, agus í a coingbheál agus go mbéadh sé chomh láidir liom fhéin in-fhad is a bhéadh sí aige.
Isteach leis an tarbh, agus bhí an mac bocht ag faire ar an spéir ar a mhine ghéir, ach bhí an spéir ag dubhachan an turas seo. Do'b fhada leis an mac go raibh an tarbh amach, agus chuaidh sé isteach, ach fuair sé an tarbh sínte mín marbh ar an talamh. Bhí sé ag caoineadh nó go raibh sé tuirseach, agus annsin, bhain sé an iall as a phóca agus amach leis as an bpáirc. D'imthigh sé go dtí an margadh, ag ceapadh go dtóigfeadh aon dhuine é in-a bhuachaill aimsire.
Tháinig fear agus thug sé leis é(continues on next page)- Informant
- Maitias Ó Céidigh
- Gender
- Male
- Age
- 75
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Seanadh Gharráin, Co. Galway