School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 036

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 036

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 036
  3. XML “Scéal - An Gadaí Dubh Ó Dúbháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    d'fiafruigh an gárda a bhí ar an doras céard a theastuigh uatha, dubhairt an gaduidhe nach raibh uatha ach codhladh na h-oidhche a fhághail. Fuaireadar sin agus fáilte. Luigh an cúigear siar agus leig siad ortha go raibh siad in-a gcodladh, nuair a chonnaic na gárdaí na buidéil thug siad leó iad agus bhíodar ag ól, nó go raibh siad súgach, thuit siad in-a gcodladh annsin. Anois an t-am arsa an gaduidhe, déirigh an gaduidhe agus clann an ríogh, agus thug siad leó an capall. Nuair a bhí siad ag dul thar teach an rí, d'aithrigh sé iad, agus dubhairt sé leis na saighdiúir éirigh agus an gaduidhe a thabhairt chuige. Rinne siad teine mhór leis an ngaduidhe a dhóighadh innti. Dubhairt sé leis an, [!] nach raibh aige ach uair a chloig chun sgéal a innseacht, thosuigh an gaduidhe ag innseacht.
    Bhí mise lá i n-Éirinn arsa seisean agus chuaidh mé isteach i dteach a raibh fathac mór, bhí an fathac imthigh amach, agus ní raibh istigh ach an cailín. Dubhair[t] an cailín leis dá bhfeicfeadh an fathac é go marbhuigheadh an fathac é. Ba gheárr nó gur airigh siad an fathac ag teacht. Siar leis an ngaduidhe sa seomra, bhí sé lán le daoine marbh. Thosuigh sé ag caitheamh daoine mar[bh] ós a chionn. Dubhairt an fathac go gcaithfeadh sé dinnéar maith a bheith aige. Chuaidh sé go dtí an seomra go bfeicfeadh sé a raibh aon duine ann a dhéanadh dinnéar dhó, rug sé ar an ngaduidhe dubh ach ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0953: The Old Robber Relates Three Adventures
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway