School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 033

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 033

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 033
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Aon oidhche amháin bhí fear ag teacht ó chuairt, bhí sé an dó dhéag san oidhche. D'airigh sé torann ag teacht an bóthar in-a dhiaidh, chaith sé a léim isteach thar chlaidhe, chuaidh múille agus fiche, agus fear agus fiche thairis. Bhí mála ar dhruim gach múille aca. Sheas siad ar aghaidh carraig mhór, agus dubairt an chéad fhear "Open Seasam", Dfhosgail an charraig ar an noiméad agus isteach leis na fir agus na múillibh, agus d'fág siad na málaí istigh, agus amach leó aríst. Nuair a chonnaic mo dhuine bocht sin, ní leis do bfailighe é, isteach leis go dtí an charraig." "Open Seasam", ar seisan D'fosgail an charraig ar an nóiméad agus isteach leis. Bhí an áit lán lé ór taobh istigh agus líon an fear lán mála de'n ór, agus chroc sé leis é. Nuair a chuaidh sé abhaile, chuir sé a bean síos go dtí an dearbhráthair eile ag iarraidh sáspan cáirt leis an ór a thomhais. Bhí fhios ag bean an dearbhráthara go raibh eicínt bun ós cíonn, agus chuir sí geir ar (toim) thóin an t-sáspain agus nuair a bhí an t-ór tomhaiste d'fan ginne óir i bfastú san ngeir, bhí fhios ag an dearbhráthair go bhfuair sé ór in-áit eicínt. D'fiafruigh sé de'n dearbhráthair cé'n áit a bhfuair sé é, agus d'innis sé sin dhó. Shocruigh an bheirt dhul an oidhche sin agus mála eile an duine a thabhairt leó. D'éirigh leó réidh go leór dhá mhála a thabhairt leó. An oidhche in-a dhiadh [!] sin chuaidh an dearbhráthair seo ann leis fhéin. "Open Seasam", ar seisean, d'fhosgail an charraig ar an bpoinnte, isteach leis agus líon sé dhá mhála mór óir. Nuair a bhí sé ag dul amach bhí
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0676: Open Sesame
    Language
    Irish
    Informant
    Diarmuid Ó Fátharta
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway