School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Scéal

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 217

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí gaisgidheach ann fadó agus siubhail sé an domhain cóir aon fhear acht níor fuair sé aon fhear agus méid shiubhal sé a bhí chómh mhaith leis féin. Chuala sé cainnt ar Ghruadach an Gleanna Duibhe. Fear mór an-láidir a bhí ins an nGruagach seo. Ní raibh fhios ag an nGaisgidheach cé'n caoí a racfadh sé cuig an fear seo nó cé'n bóthar a thiubharfadh ann é. Bhí sé ag cuir tuairisg acht níor fhuair sé é. Bhí an gaisgidheach ag siubhail leis féin lá agus tháinig éan mór as an aer agus d'árduigh sé leis é. D'árduigh sé chomh h-árd sin é gur caill an gaisgidheach radharc talmhan. Níor stop an t-éan gur thug sé é go dtí an gruadach nó i bhfogus dó. Annsin leag an t-éan anuas go talamh é agus nuair sgaoil sé an greim thosuigh an
t-éan gá creathadh é féin. Bhí fearg ar an nGaisgidheach nuair a tháinigh sé go dtí an áit mar ní raibh eólais aige air. Rug sé ar a claidhim agus mharbhuigh sé an t-éan. Nuair a bhí an t-éan marbh aige chuala sé a lán caoíneadh acht ní fhaca sé duine ar bith. D'fhéac sé uaidh agus chonnaic sé caisleán ar bhruach coille agus tharraing sé air. Nuair a tháing sé go dtí an caisleán bhuail sé ar an ndoras agus tháinig bean óg amach chuige. D'fiarr sí air cé'n t-ainm a bhí air. Dubhairt sé gur Gaisgidheach mór a bhí ann agus gur thug éan mór annsin é. Dubhairt an bhean, "Céard rinne tú leis an t-éan" agus dubhair sé gur bhain sé an cheann de. "Is mór

(continues on next page)
Collector
Eibhlín Ní Craith
Gender
female
Address
Cregmore, Co. Galway
Informant
Pádhraig Ó Comáin
Gender
male
Age
70
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Language
Irish