Scoil: Cill Cruain (C) (uimhir rolla 11187)
- Suíomh:
- Ballyglass South, Co. Galway
- Múinteoirí: Brighid Ní Náradaigh Cáit Bean Uí Standúin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Cruain (C)
- XML Leathanach 287
- XML “Maistreadh”
- XML “Maistreadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Tá a lán pisreog faoi maistreadh. Má taganns duine isteac agus maistreadh 'gá dhéanamh cuireann sé dreas faoí í dtreo nac mbeirfeadh sé an tim leis.
Oidhche Samhna agus La Bealtaine gearrann na daoine píosa de'n caorthann agus tógann siad miosúr na cuinneóige trí uaire leis í dtreo nac ngoidfeadh aoinne an tim.
Má thaganns fear isteach afus maistreadh ar siubhal níl cead aige a phíopa a lasadh nó sméaróid a thabhairt amac leis.
Sul a stosnuightear an maisteadh coisrightear an slár lé salann agus cuirtear smearóid fuathi lé ádh a chur air.
Má taganns duine isteach le linn an mhaistreadh bíonn air, dul amach an doras ceadna is a tháinig se isteach. - Seo scéal faoí maidtreadh - Bhí bean ann uair dhíoladh sí im. Chaill a ba an bainne go léir. Gach maidin teigeadh sí chuigh pairc éile in a mbhíodh ba le duine eile agus goideadh sí bainne. An fhaidh is a bhíodh sí ag bleaghadh na mbó deireadh sí " im agus bainne", im agus bainne". I gceann seachtmaine dhéanadh sí maisteadh agus bhíodh deic bpunt ime aici.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Cáit Ní Gríobhtha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Bracklagh, Co. Galway