Scoil: Cill Éinne (uimhir rolla 12340)

Suíomh:
Cill Éinne, Co. Galway
Múinteoir:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 100

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0001, Leathanach 100

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Éinne
  2. XML Leathanach 100
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    mac liom é, agus innis dó mo sgéal. Innis dhó freisin dlighe a chur ar an dá fhear a mharbhuigh muid," agus d'innis sé dhó ainm na bhfir, agus go raibh siad ag maireachtáil in-a leithéid seo de baile mhór. D'innis sé freisin mar a gcreidfidhe sa gcuairt é glaodach air fhein, agus go dtiochfadh sé i lathair. Bhí siad ag gáirdhe faoi nuair a dubhairt sé sin. Ghlaoidh sé annsin ar an bfear mar dubhairt sé leis. Sheas an fear i lathair, agus thug sé cuntas ar an gcaoi ar marbhuigheadh iad. Dó chreid lucht na cúirte annsin an sgéal. Nuair a bhí an dlighe thart, agus cuile rud socruigeadh aige, d'fhág se teach breágh, agus neart airgidh ag an bhfear bocht. Bíod sé buidheach dhó fhein go raibh meisneach maith aige. Is iomdha fear a fuair an obair sin, agus nuair a cloiseadh siad an torann bhuaileadh faitchíos iad, agus ní fhanfadh siad an dara oidhche ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0326: The Youth Who Wanted to Learn What Fear Is
    Teanga
    Gaeilge