School: Béal an Átha Buí (Clochar) (roll number 15872)

Location:
Ballinaboy, Co. Galway
Teacher:
An tSr Tr. Ní Orcáin

Filter stories

Back
/ 146 Forward
Resolution: Low | High
Croca Óir

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 115

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(Áine Ní Mhaoilciaráin, Doire Gimlach, An Clochán).

115
Croca óir
Uair amháin bhí pota óir i
bhfolach ag na sidheóga. Bhí
sí i bhfolach faoi charraig
ar "Oileán Áisleán." Bhí
each uisce ag tabhairt
aire do'n phota óir. Lá
amháin chuaidh fear ag
cuartú an phota óir.
Nuair a tháinig an fear
chuig an charraig ní
raibh an t-each uisce ann.
Tháinig na sidheóga amach
agus ar siad leis, "Cad tá
ag teastáil uait nó
tuige a bhfuil tú ag
teacht annseo. Bhí eagla ar
an bhfear agus ar seisean,
"Tá mé ag cuartú phota
óir atá i bhfolach fá'n
gcarraig seo ag na sidheóga."
Arsa na sidheóga leis, "Tar
isteach annseo". Cuaidh an
fear isteach. Bhí teach
deas ann agus bhí na
sidheóga ag damhsad agus
ag ceólteóireacht.

(continues on next page)
Collector
Áine Ní Mhaoilcuráin
Gender
female
Address
Derrigimlagh, Co. Galway
Informant
Seán Ó Congaile
Gender
male
Age
80
Address
Derrigimlagh, Co. Galway
Language
Irish