School: Béal an Átha Buí (Clochar) (roll number 15872)

Location:
Ballinaboy, Co. Galway
Teacher:
An tSr Tr. Ní Orcáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 120

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 120

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Béal an Átha Buí (Clochar)
  2. XML Page 120
  3. XML “Cruatan”
  4. XML “Stoirm”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bad caillte san gceanntar seo fadó, timcheall lé ceathrú míle ó mo theach. Bhí an bád ag teacht isteach san gcuan. Bhí an oidhche ann nuair bhí sé ag teacht. Chuaidh sí ar charraig. Thuit na daoine amach san bhfáirge. Báthadh ceathrar aca triúr fear agus bean. 'Siad Tomás Ó Conroigh, Sean Ó Búrca, Seán mac Mathghamhna, agus bean Bheal Ó Braonán. Shabháil triúr aca. Is iad Seán Ó Raghaille agus a mháthair agus Seán Ó Conroigh. Cuireadh comhartha ar an gcarraig 'nár báthadh na daoine.
    M'uncail a d'innis an sgéal seo dom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    2. events
      1. hardship (~1,565)
    Language
    Irish
  2. Céad bliadhna ó shoin bhí stoirm mór ann. Níor fhág sé teach sa tír nár scuabh sé an deasadh uaidh agus leag sé go leor scabh. Níor fhág sé cruach coirce nó cruach feir sa bparáiste nár leag sé freisin. Chuir sé na faoileáín soir go dtí na Beanna Beola. Bhris sé go leor báid. Níor fhág sé crann sa tír nár tharraing sé as an talamh. Guidheadh níos mó an oidhche sin ná i mbliadhain eile. Bhí an feir guirt ar na cnuic le fairrge h-air.
    M'athair a d'innis an sgéal seo dom.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.