Cúpla céad bliadhain ó shoin bhí long mór ag dul go Ceanada. B'é an t-ainm a bhí air "Réalt Bán". Bhí ceo mór ar an bhfairrge. Bhí na tonntracha ag buaileadh i gcoinne na luinge. Chuaidh sí síos, ar an 20adh lá Mí Nodlag. Bhí go leor daoine agus taoisigh báidhte ins an bhfairrge.
Bhí na daoine sa mbaile ag réapadh dos na daoine a bhí báidhte. Ní fhuaireadar iad an lá sin. Bhí fear ag dul thar timcheall an "Tráigh Bán" agus dubhairt sé leis féin go rachadh sé ag snámh.
Bhí an lá an-bhreagh. Chuaidh sé amach ag snámh. Bhí sé aon mhíle ó'n gcladach nuair a chonnaic sé rud eicínt i bhfad uaidh.
Chuaidh sé chuige agus 'fuair sé beirt a bhí báidhte ó'n luing. Tháinig sé isteach agus an bheirt leis. Bhí na daoine sin báidhte le trí lá. Chuaidh sé go dtí an sagart agus d'innis sé do fútha. Bhí an sagart an-bhuidheach do'n fhear. Thug na daoine airgead dó.
M'athair a d'innis an sgéal seo dom.