School: Dúnlocháin (roll number 13076)

Location:
Doonloughan, Co. Galway
Teacher:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
Dúnlocháin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 070

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1 Bhí fear ag dul go Gaillimh uair amhain le bád mór agus ní raibh aon duine sa mbád leis. Nuair abhí sé ag dul tré cuisle inaice le Oilean an tSeipeil chuaidh a bádh suas ar charraig.
Bhí sé chomh mór sin nach raibh sé inann cor a bhaint aisti. Bhí sé i gcruadhchás agus ní raibh fhios aige ceard a dheanfadh sé. Sa deireadh thosuigh sé ag paidiroireacht agus do ghlaoidh sé ar Naomh Cáilín cuidiu leis.
Chonnaic sé fear annsin ag teacht agus é gleasta i gculaith bhán agus do chuir sé a lamh leis an mbád agus do chuir sé ar an bhfairrge arís í.
Bhí fhios aige gur Naomh Cáilín abhí ann. Thug sé buidheachas dó cuidiu leis agus é i gcontabhairt.

Bhí fear agus a bhean amuigh ag iasgaracht lá amhain inaice le Oileán an tSeipeil agus d'eirigh sé stoireamhail agus bhí orra dul i dtír

(continues on next page)
Collector
Seosamh Mac an Ríogh
Gender
male
Informant
Cáit Nic an Ríogh
Gender
female
Age
80
Language
Irish