School: Dúnlocháin (roll number 13076)

Location:
Doonloughan, Co. Galway
Teacher:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 057

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 057

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dúnlocháin
  2. XML Page 057
  3. XML “Scéalta Grinn”
  4. XML “Scéalta Grinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    3) Bhí fear ina chomhnuidhe in aice srutháin i gCaorán Mór fadó. Do phós sé cailín deas a thainigh go dtí a theach le tuitim na h-oidhche agus thug sé loistín na h-oidhche dhí. Sidheog ab eadh an cailín seo ach ní raibh fhios ag an bhfear é sin. Nuair a bhí sí trí bliadhna pósta leis dubhairt sí leis go raibh sí ag dul ar cuairt chuigh a muinntir.
    “Maith go leor” arsa an fear, “gléas thú féin agus cuir ort an bríste a bhí ort nuair a phós mé thú.”
    “Ara céard tá ort,” arsa an bhean, “nach cuimhin leat thug mé sin do mo dheirbhshfúir ar an gcuairt deireannach a thug mé orra.”
    “Ná habair é sin” arsa an fear, “Má rinne tú sin ní bheadh tú uair níos mó sa teach seo, déan deifir agus teasbáin dom é.”
    “Tá teach mo muinntir féin agam fós,” arsa an bhean, “Níor iarr mé ort mé a phosadh acht d’iarr tú orm-sa é. Tuig leat sin anois. Ní fhanfhaidh mé ins an teach seo nóiméad níos mó,” ar sise.
    Níor labhair ceachtar acu go ceann cúpla nóiméad. Bhí an fear ar tí rud a rádh nuair do thosaigh an teach ag dul thart. Nuair d’fheach sé thart ní fhaca sé a bhean ann. Do thosaigh sé ag sgreadú. D’fheac sé thart timcheall air arís céard a chonaic sé acht cat mór millteach agus slat in a láimh aige. Leag sé an slat ar guailnibh an fhir. Rith an fear amach agus d’éirigh sé suas san aer agus d’imthigh as amharc go deo.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. 4) Bhí bean in a chomhnuidhe in aice na h-áite seo fadó. Bhí sí pósta d’fhear bheag agus an t-ainm a thug na daoine air, “Seainín Íseal.”
    Bhí an bhean seo an leitheadhach ar fad acht ní raibh Seainín Íseal mar sin. Ní dheanfadh an bhean seo aon obair i gcóir Seainín. Ní chuirfeadh sí páistí ar leineacha Sheainín nuair a bhíodh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Laoidhe
    Gender
    Female
    Address
    Doonloughan, Co. Galway
    Informant
    Padhraigh Ó Laoidhe
    Gender
    Male
    Age
    58