School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Doonloughan, Co. Galway
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Seanchas i dtaobh na h-aimsire
An spéir a bheith glégeal sin comhartha aimsire breágh agus nuair atá sé dubh dorcha ta báisteach ag teacht.
Nuair atá dath gorm ar an ngríosach tá athrú aimsire ag teacht.
Nuair bhíonn deatach na teine ar fud an tighe tá athru aimsire ag teacht agus nuair a bhíonn ballaí an tighe fuar fliuch sin cosamhalacht báistighe. Nuair bhíonn an glasóg ag teacht go dtí an doras tá droch aimsir ag teacht. Nuair a fheiceas muid na géanna fiadhaine ag eitilt go hárd insan spéir tá sioc agus sneachta ag teacht. Nuair a bhíos na crotaigh ag feadghail tá báisteach air agus nuair a theigheann an ghaoth in aghaidh na gréine tá droch aimsir ag teacht. Nuair a theigheann an car síos go dtí an teine tá sioc ag teacht. Nuair a itheann an mada an féar glas ta droch aimsir ag teacht agus nuair a bhíos na míolróga amuigh le tuirim an tráthnona tá báisteach ag teacht. An fhairrge a bheith an gharbh sin.(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Fhlaithbhearthaigh
- Gender
- Female
- Informant
- Peadar Ó Confhaola
- Gender
- Male
- Age
- 67