School: Dúnlocháin (roll number 13076)
- Location:
- Doonloughan, Co. Galway
- Teacher: Sorcha M. Ní Dhonnchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Dúnlocháin
- XML Page 062
- XML “Scéalta Grinn”
- XML “Scéalta Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)atá ann a ghadhaidhe ars an file agus thug sé buile agus buile eile dhó. Bhí se beagnach marbh ag an bhfile agus ós sin amach badh é an fear a b'fhearr dár oibrigh fear ariamh dhó.
- Bhí bean ann fadó agus bhí mac aice. Lá amháin rinne sí cáca agus dubhairt sí leis an mac aire a thabhairt do'n chaca go raibh sí ag dul go dti an tobar i gcoinne canna uisce. Rug sí ar an channa agus chuaidh sí go dtí an tobar. Buachaill báire a bhí ann agus nuair a bhí a mháthair imthighthe chuaidh sé go dtí an driosúr. Thóg sé buidéal a bhí ann. Rud buidhe a bhí san mbuidéal agus do bhí boladh láidir as. Chúir sé cúpla braon anuas ar an gcáca. Thosuigh an cáca ag dul i méid, d'eirigh sé go béal an oighin. Annsin léim sé as an oighin, rith sé timcheall an tighe isteach faoi an mbórd agus amach(continues on next page)