School: Dúnlocháin (roll number 13076)

Location:
Doonloughan, Co. Galway
Teacher:
Sorcha M. Ní Dhonnchadha

Filter stories

Back
/ 080 Forward
Resolution: Low | High
Dúnlocháin | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0005, Page 054

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Oidhche Bealtaine cuirtear glas ar dhoirsibh tighthe na mbó le h-eagla go gcrudhfadh duine éigin iad. Dá n-eirigheadh le aon duine sin a dhéanamh bhéadh cuid ime a chomharsan aige mar breis go lá Bealtaine arís.
Da boichte no bocht ní bhfuigheadh siad braon bainne lá Bealtaine.
Dá dtagadh fear isteach le linn na cuiginne ní bhéadh cead aige a phíopa do dhergadh go mbeadh sí déanta.
Seo nós eile atá beó i morán áiteanna, Oidhche Bealtaine gearrann páiste gach tighe tor droighin fé bhláth agus socruigheann siad an tor in áit éigin i gclós na feirme. Deanann gach duine a chuid féin.

Nuair bhíonn na beithidhigh istigh ag duine Oidhche Bealtaine, agus má thagann duine go dtí an stábla agus iad a bhleadhadh, ní bhéad morán ime ag an duine go dtí Lá Bealtaine

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Laoidhe
Gender
female
Informant
Máirtín Ó Máille
Gender
male
Age
76
Language
Irish