School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain

Filter stories

Back
/ 154 Forward
Resolution: Low | High
Scéal Fada ar an Anró

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 142

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Bhí fear bocht ann fadó, agus bhí sé ag siubhal thart do féin. Tháinig sé isteach i siopa agus bhí triúir cailíní ag obair ann."Dia dhíbh" arsan fear bocht. "Dia is Muire dhuit" arsa duine de na mná. "Níl aon sgéal agam acht sgéal fada ar an anró". "Cé'n saghas sgéal é sin?" arsan gcailín. "Tabhair dhom ceann de na h-ubhall sin atá agat agus innseóchaidh mé dhuit é". "Seo dhuit é" ar sise. Thóg seisean an t-ubhall ina láimh agus rinne sé trí chuid dhí. Chuir sé artha an grá ins na trí phíosa. D'imthigh an fear leis annsin. Ar an bpointe is bhí a píosa féin ithte ag gach cailín, chuaidh siad amach ar an tsráid. Chonaic siad an fear agus é i bhfad uatha síos an bóthar. Thosnuigh an triúir aca ag rith i ndiaidh an fhir. Tháinig an fear chomh fada le h-abhainn agus séard a rinne sé ná snámh treasna na h-aibhne. Ní raibh fhios ag na cailíní céard a déanfadh siad. Séard a rinne siad na suidhe síos chois an claidhe. Bhíodar ag cainnt le chéile le taobh an chladhe. Bhí mac rígh ag siubhail cois na h-aibhne agus bhí sé ag éisteacht leis an gcainnt a bhí ar siubhal aca. "Faríor" ar sise "nach bhfuil duine agam a chuirfeadh treasna na h-aibhne mé, dá mbéadh, déanfainn péire stocaí dhó leis an oiread snáithe agus a chasfainn ar mo mhéar. Dubhairt an dara bhean, "dá mbéadh duine agam-sa a chuirfeadh treasna na h-aibhne mé, déanfainn péire léintreacha dhó leis an oiread eadaigh agus a chasfainn timcheall mo mhéir. Dubhairt an tríomhadh cailín "dá mbéadh

(continues on next page)
Collector
Nóra Ní Chadhain
Gender
female
Age
13
Address
Athenry, Co. Galway
Informant
Brighid Ní Chonghailligh
Relation
unknown
Gender
female
Address
Teeranea, Co. Galway
Language
Irish