Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Suíomh:
Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 142

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0003, Leathanach 142

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Leathanach 142
  3. XML “Scéal Fada ar an Anró”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear bocht ann fadó, agus bhí sé ag siubhal thart do féin. Tháinig sé isteach i siopa agus bhí triúir cailíní ag obair ann."Dia dhíbh" arsan fear bocht. "Dia is Muire dhuit" arsa duine de na mná. "Níl aon sgéal agam acht sgéal fada ar an anró". "Cé'n saghas sgéal é sin?" arsan gcailín. "Tabhair dhom ceann de na h-ubhall sin atá agat agus innseóchaidh mé dhuit é". "Seo dhuit é" ar sise. Thóg seisean an t-ubhall ina láimh agus rinne sé trí chuid dhí. Chuir sé artha an grá ins na trí phíosa. D'imthigh an fear leis annsin. Ar an bpointe is bhí a píosa féin ithte ag gach cailín, chuaidh siad amach ar an tsráid. Chonaic siad an fear agus é i bhfad uatha síos an bóthar. Thosnuigh an triúir aca ag rith i ndiaidh an fhir. Tháinig an fear chomh fada le h-abhainn agus séard a rinne sé ná snámh treasna na h-aibhne. Ní raibh fhios ag na cailíní céard a déanfadh siad. Séard a rinne siad na suidhe síos chois an claidhe. Bhíodar ag cainnt le chéile le taobh an chladhe. Bhí mac rígh ag siubhail cois na h-aibhne agus bhí sé ag éisteacht leis an gcainnt a bhí ar siubhal aca. "Faríor" ar sise "nach bhfuil duine agam a chuirfeadh treasna na h-aibhne mé, dá mbéadh, déanfainn péire stocaí dhó leis an oiread snáithe agus a chasfainn ar mo mhéar. Dubhairt an dara bhean, "dá mbéadh duine agam-sa a chuirfeadh treasna na h-aibhne mé, déanfainn péire léintreacha dhó leis an oiread eadaigh agus a chasfainn timcheall mo mhéir. Dubhairt an tríomhadh cailín "dá mbéadh
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0707: The Three Golden Sons
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Chadhain
    Inscne
    Baineann
    Aois
    13
    Seoladh
    Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Ní Chonghailligh
    Gaol
    Ní fios
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe