School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh

Location:
Athenry, Co. Galway
Teacher:
An tSr. M. Treasa Ní Bhriain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 138

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0003, Page 138

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Clochar, B'l'Áthan Ríogh
  2. XML Page 138
  3. XML “Gabha na gCleas”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    a casfar ort. Thug sé leis é ar an aonach agus fuair an oiread airgid air agus nach raibh sé in-ann a iomcur. Nuair a bhí an t-airgead aige bhí an t-asdar ar osgailt. D'imthigh leis agus é ag cómhaire a chuid airgid. Casadh an mac leis ag an gcéad cross-bhóthair agus bhí sé an-rimhéadach faoí sin. Bhíodar ag imtheacht ar a mbealach go rabhadar ag déanaimh ar bhaile mór eile. Dubhairt an mac leis an athair a bheith ag tabhairt an airgid do gach duine a chasfaoí air idir bocht agus saibhir. Bhí siad ag tigheacht gann san airgead agus ní raibh acu acht a ndóthain le h-aghaidh na h-oidhche nuair a tháinig siad chómh fada leis an mbaile mór. "Beidh aonach ar an mbaile mór seo amáireach" arsan mac. "Déanfaidh mise cú dhíom féin agus ní bheidh aon duine in ann mé a cheannacht acht Gabha na gCleas, beidh mé chómh daor sin. Thug an feilméar ar an aonach an cú agus sé an chéad fhear a tháinig dá cheannacht ná gabha na gCleas. Bhí astar ar an gcú agus d'fhág an feilméar ar osgailt é. Fuair sé an oiread ór agus airgid ar an gcú is nach raibh sé in ann a iomchur. Bhí a mhac roimhe ag an gcéad cross-bothair eile. Dubhairt an mac dó a bheith ag caitheamh an airgead do gach duine agus é caitheamh ar an mbothar agus go ndéanfadh sé maith do dhuine ar bith. Bhí an t-airgead ar fad caithte acht a ndóthann le h-aghaidh an oidhche do bhí ag tigheacht. Dubhairt an mac go mbéadh aonach ar an gcéad baile mór eile agus go ndéanfadh sé féin éan dhe fhéin. "Díolfaidh tú mise"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0325: The Magician and his Pupil
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Cadhain
    Gender
    Female
    Age
    13
    Address
    Athenry, Co. Galway
    Informant
    Bríghid Ní Conghailligh
    Gender
    Female
    Address
    Tír an Fhia, Co. Galway