Scoil: Eoghanacht (uimhir rolla 12342)
- Suíomh:
- Eoghanacht, Co. Galway
- Múinteoir: Mícheál Ó Flannagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar an gcuid eile. Is minic a d'feicfeá garraidhe mar sin agus mar bheadh trí nó ceathair de stór ann.
Daoine bochta nách raibh aon talamh aca féin sén caoí a d'fághaidís talamh cuir ar leath ó dhuine eicínt a mbíodh brabach talmhan air. Bhíodh ar an sclábhuidhe an talamh a leasú, d'fághadh sé leath síolta acht bíodh air an garraidhe a chur agus chuile mhíle sórt a dheanamh leis, na fataí a bhaint agus dhá leith a dhéanamh dhíob. Sén caoí a ndéantaoí an roinnt cuirtí chaon darna cliabh de na fataibh i dhá pholl - poll de na fataibh móra agus poll de na fataibh beaga. Bíodh ceithre pholl ann, dhá pholl de na fataibh móra, agus dhá pholl de na fataibh beaga agus nuair a bheadh an fata deireannach bainte pioctha agus curtha sna puill cuirtí crainnte ortha annsin agus bhíodh ar an sclábhaidhe a chuid fataí a chur abhaile do fhear na talmhan. Níl duine ar bith ag cur fataí ar leath anois acht is lé rí gairid a d'eirigheadar as - deich mbliadhna nó mar sin.- Bailitheoir
- Brighid Ní Dhioráin
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Seoladh
- Sruthán, Co. Galway